School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 262

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 262

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 262
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Tá sgéilín beag nuadh agam le hinnsint As is cóir é chraobh scaoileadh go hárd...

    Pádraig Ua Súilleabháin Cúmastabha, 70 bl. d’innis
    Tá sgéilín beag nuadh agam le h-innsint.
    As is cóir é chraobh scaoileadh go h-árd
    Go bhfuil an biotáille gach lá dul níos saoire
    Agus áthas mo chroidhe orm dá bharr
    Dom cháirde do bfearr liom é innsint
    Siad ba ghnáthaidhe na suidhe ar ceann clár
    Mór cháirdibh d’fághail ar trí raol di
    Agus cáirde trí mhí chun reicneáil
    S ó thuit sé chun talaimh chómh mór san
    Go mbfearr suidhe suas ar ceann cláir
    Suidhcheán d’fhághail is ní fóghanta é
    Ó maidin Dé Luain go dtí an Máirt
    Nách ró mhaith an teinneas dochtúra é
    Fuisgí breágh cumhra d’fhághail saor
    Mar tógann sí an brón as an smúit dinn
    Agus deineann sí súgach gach n-aon
    An sean bhean do bheadh sínte sa chúinne
    Le seacht mbliadna fé’n súsa agus í i bpéin
    Nuair a ólfadh sí lán an leath phiúint di
    Is tapaidh mear lúthmhar a léim
    Seán Bruanach ua Súilleabháin
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Com Dhá Stogha, Co. Kerry