School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 258
- XML “Piseoga an Luain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Murt Ua Muircheartaigh
Cill Mac Ciarainn
1) Ní ceart do chuid gruaige do lomadh Dé Luain mar deirtear "Lomadh an Luain lomadh don uaigh"
2) Ní ceart uan do chur sa chré ar an Luain mar bheadh na caoirigh go léir ag fághail bháis ort
3) Ní ceart leanbh do chur chun scoile don chéád uair ar an Luain agus tá daoine annso a théigheann chómh fada san leis an sgéal is dá mbeadh na leanbhaí as láthair aon tréimhse ná casaidís chughat ar ais ná ar éigin ar an Luain
4) Ní ceart tosnú dhéanamh dhe prátaí do bhaint ná féar do chearradh ar an Luain
5) Ní ceart ainmhidhe a mharbhughadh ar an Luain
6) Ní ceart airgead do thabhairt uait ar an Luain mar i nionad bheith ag teacht chughat is amhlaidh bheadh sé dhá dheasgaibh san ag glaodhach ort i rith na seachtmhaine
7) Lá Crosda na bliadna cheithre lá indiaidh lá Nodlag ní phósann aoinne an lá san i rith na bliadhna- Collector
- Murt Ua Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry