School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 252

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 252

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 252
  3. XML “Peil”
  4. XML “Iománaíocht”
  5. XML “Liathróid Láimhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Peil
    1. Bhídís ag imirt peile i Máighistir Gaoithe agus ar an mbannc fadó. Gach Domhnach théighidís siar ann ón áit seo. Íosfaidís béile maith prátaí agus iasc úr agus is do shiubhal coise bhíodh gach éinne. Bhíodh na thráthnóna dhéanach nuair a thiocfaidís abhaile. Suas le seasgadh bliadhain so. Ní raibh feistiú ro mhaith chuige aca mar is iad na bróga troma a bhíodh aca agus do b’iongantach an rud é fén am san dul ó pháirc go ceann páirce sa ‘troidirín’ mar gur beag iad na riaghalacha a bhí aca. Paróiste i gcoinnibh paróiste bhíodh aca nó uaireannta baile fearrainn i gcoinnibh baile fearrainn. Is go mion minic ghlacadh duine den lucht féachana páirt dá mba na beadh an ‘sway’ ag a dhream féinig.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Liathróid Láimhe:
    I gcoinnibh pinniúir tighe.
    Liathróid don chéad uair faghta aca ag teacht ó Chill Orglan dóibh. Liathróid adhmaid a bhíodh aca uaireannta eile agus ba dheacair do bhasaibh boga imirt leis sin. Na Coilestánaigh is mó bhunaigh an cluiche annso go mór mhór adhbhair Sagart.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.