School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 250

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 250

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 250
  3. XML “An Seansaol”
  4. XML “An Seansaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dómhnall Ua Cúrnáin Málainn 48 bl.
    An Seana Saoghal
    Roimis an droch shaoghal bhí prátaí curtha ag mo shean athair sa pháirc bhán is bhí meithiol fear aige á mbaint is bhaineadh gach fear aca dhá chiseán déag de chiseánaibh mhóra agus maol ar gach ciseán aca.
    Bhí scata fear ag cur prátaí i gCeannuaig sa droch shaoghal. Bhíodar mar ba ghnáth ar dhá bhéile sa ló is bhí mórán don lá caithte nuair a glaodhadh chun bricfeasta ortha is bhíodar i ndeire na péice leis an ocras chómh mór san nár fhéad aon aca an rann a chur ‘na sheasamh sa gharrdha ‘na dhiaidh acht Donnchadh Ua Curráin sean Dómhnaill Uí Churráin ón Mhálainn. Bhí síth mhaith aige is bhí sléic ar na daoinibh eile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Siobhán Ua Muircheartaigh 12½ bl. a h-athair
    1. Dhíol mo shean athair a chuid tailimh ar chloch mine
    2. D’itheadar glasraí acht níorbh leór san
    3. Fuair mo shin shean athair bás le h-ocras ag dul don Cuirreán do.
    4. Deirtear go bhfuil ins na páirceannaibh timcheall uaigheanna daoine a fuair bás le gorta.
    5. Ar an gcnoc tá rian uaighe annso agus annsud, carnán cloch nó leac á chosaint
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    2. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Mhuircheartaigh
    Gender
    Female
    Age
    12