School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 243
- XML “Doineann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Murt Ua Muircheartaig 12¼ bl. Cill mac Ciariann a athair MurtDoineann
Gála
San 20adh Feabhra 1886 d’éirigh gála. Níor bhain aoinne an leabaidh amach an oidhche sin annso. Bhí na h-aoinne amuigh ag iarraidh na tighthe, is na cocaí, is na stácaí a choimeád agus iad ag árdú a chéille agus gan fhios ag éinne an rud a bhí ag an duine eile a rádh. Leag sé dhá choca féir is stáca ar mo shean athair. Sgiob an stáca léi timcheall na dúthaighe. Thóg sé ceann de chró le Seán Dhomhnaill Ua Mhuircheartaig agus leag dhá chrann mhóra fuinnseóg ar muinntir Mhic Giolla Pádraig.Trom bháisteach
B’éigean do mhuinntir na h-áite seo fanamhaint ó’s na ráiseannaibh 1899 mar i lár a’ – Mheithimh thuit tuile mhór an maidean sin. Do bhris scamall ós cionn cnoic i gClochán agus thuit ‘na thuille go talamh. Bhris is réab sé gach claidhe ar an mbaile.Sneachtadh
San 6ad lá Feabhra 1895 bhí sneachtadh throm annso. Timcheall a sé a chlog tráthnóna a thosnuigh ag cáthadh shneachtaidh chom trom san is nár b’féidir le daoinibh dul ag crúdh na mbó gan pasáiste dheunamh ó béal dorais go cró. Bhí ortha sneachtadh do leagadh chun té do dheunamh agus chun deoch thabhairt d’ainmhidhibh.Tóirtneach
Taréis Aifreann an Domhnaigh i lár an Mheithimh i 1900 thosnuigh na tóirthnigh ag pléascadh. Do mhairbhuigheadar ba ar Mhicí Fhionáin Dromaireach agus bean Uí hAodha ón Slathaigh.Stoc:
Timcheall na Nodlag 1899 bhí trom shioc agus ní raibh ar chumas capaill dul ar bóthar go ceann seachtmhaine.- Collector
- Murt Ua Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Informant
- Murt Ua Muircheartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry