School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 229
- XML “Féilí agus Nósa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Féilí agus Nósa
Oidhche Lae Sain SheáinBíonn gasra an bhaile ar árdán agus teine mhór móna aca, craobhacha ó gach áird ann agus sgréachaigh is béicigh san aer míle ó bhaile uatha nuair a chasann na bladhmanna san spéir. Deintear turas na teineadh timcheall thabhairt go minic. Is ceart adeirtear fódh ón mbéilteach san a bhreith leat agus a chaitheamh isteach thar chlaide an gharrdha an oidhche sin chun go mbeadh prátaí chómh tiugh le grean agat.Lá Naomh Máirtín 11adh Samhna. Is ceart ainmhidhe éigin do mharbhú ins gach tigh an oidhche sin.Aoine an Chéasta
Is ceart duit an méid síol is féidir leat a chur an lá san. Ní cuireann fo dhuine aon phráta go dtí go mbíonn meitheal an lae sin aca.Aoine
Ní deineann aoinne malairt go dtigh nua an lá san nó fós i rith na h-Inide(continues on next page)