School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 213
- XML “Na Bóithre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Bóithre
1. An Bóthar Nua:
Cómhghar go dtís na portacha agus na móinteáin san. Tá déanta ós cionn caogadh bliadhain. Crainn sailighe treasna air agus cré anuas ar sin. Fuaireadar an cré i bpáirc Mhichíl Uí Shéaghdha agus i bpáirc m’úncail. Fir agus mná ag tarrac le ciseáin acht bhí capaill ann leis. An págh bhí aca ná ocht bpingin sa ló. An Tighearna Staughton a chabhruigh chun a dheunta. Seán Ua Séaghdha Caol a bhí mar stíobhard.
2. Bóthar na Réidhe
Deineadh san ós cionn 100 bl. Na mná agus na fir ag obair annsan leis acht bhí capall ann leis le sratharaibh. Deirtear go raibh an págh céadhna aca sa deire acht gur oibrigheadar ansann i dtosach ar thustiún sa ló. An deunamh céadna bhí ar an mbóthar – cré agus saileach fé mar bhonn ar sliabh. Deirtear go raibh bean áirithe, Máire bhuidhe ann agus go raibh lá ualach uirthi féin agus ualach ar a capall nuair a chas Roderic an treó. Bhí gach aon “Hath Peig!” aici leis an gcapall. Dubhairt sé ‘Peig an Capall acht cad is ainm don chúilfionn mná’
Dubhairt sise:
“De ‘bhreed’ Chárthaigh Cairbre, is brón ar m’aigne mé bheith i ndiaidh cliabháin’
3. Deineadh an póirse seó ‘Póirse na Lathaigh i 1893. An págh céadhna agus modh oibre ceudna.
Casán Mhálainn no bóthar na gcéimeanna. Cómhgar na cathrach ón áit seo.
Tóchair i gClochán.
4. Bóthar Clocháin
Deineadh so ós cionn 80 bl. ó shoin – an rud céadna.
5. Bóthar Chill mac Ciarainn.
1898. Cré agus clocha agus craobhacha – an dul céadna.