School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 204

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 204

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 204
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Arán mine bhuidhe agus bláthach. Gheibhidís an mhin annso as muilleann i gCarthainn 3 mhíle ó Chathair Saidhbhín...

    1. Arán mine bhuidhe agus bláthach. Gheibhidís an mhin annso as muilleann i gCarthainn ½ míle ó Cathair Saidhbhín.
    2. Leite mhine bhuidhe
    3. Leite mhine choirce
    4. Leite mhin eórnán
    5. Staimpí – Uaireanta bhíodh an t-aon chloch amháin ins gac’ baile chun na prátaí a scríobhadh. San i nDromaireach (Drom Darach)
    6. Iasc rósta do mheasgad le bainne
    7. Arán min choirce. “Mo ghraidhn an bhean a théigheadh sa stáca” Sé sin an bhean raghadh go dtí an stáca ar maidin go luath agus go mbeadh an chíste aici don bhreacfast.
    8. Nuair a bheadh na prátaí gann chaithidís turnaipí bána agus cabáiste a bheirbhiú leó.
    9. Cabáiste brúighthe measguighthe le bainned na ngabhar.
    10. Fuil bheirbhighthe. Bhainfidís cuid don fhuil as na h-ainmhidhtibh agus íosfaidís é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Dhá bhéile sa ló bhíodh aca. Ar maidin timcheall leath uair tar éis deich bheadh leite nó císte mhin choirce agus bláthach...

    Dhá bhéile sa ló bhíodh aca. Ar maidin timcheall leath uair tar éis a deich bheadh leite nó císte mhin choirce agus bláthach. Timcheall a cúig bíodh prátaí nó praiseach aca. Is minic leis bhíodh prátaí ar maidin aca agus annsan ar pháistibh scoile prátaí rósta bhreith leó do lón an lae. Ba mhór é obair na ndaoine roimh breacfast – páirc féir do bhaint, ualach a thabhairt ón dtráig nó prátaí do bhaint Domhnachh Cásca. Iosfaidís mór chuid ubh.
    Saghasanna Aráin
    Staimpí: Na prátaí a scríobhadh. Beagáinín salainn agus sóid iad do mheasgadh ar a chéile. Annsan ar greidiol le bacáil. So a ithe te.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish