School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 170

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 170

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 170
  3. XML “Piseoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá cnapóga ime do choimeád ón gcéad cuigionn agus annsan bheidh ag leis go deire na bliadna.
    Nós eile ná salainn a chrathadh ar dhrom na bó nua beirthe
    Nuair a caillfí ainmhidhe ar dhaoinibh eile rud a dheunfaidís na cos dheas tosaigh a chur i dtaisge go cúramach nuair a cuirfí i bpoll an ainmhidhe. Bhíodh tighthe timcheall fadó agus i bpollaibh ins na seimnéithibh nó fé’n scraith bhíodh cosa-mór chuid aca. Cheapaidís go ‘ndeineadh an an iomchar san an mí ráth do chur thárrsta.
    Daoine eile ann a fhanadh an lá amuigh nuair a chídís meaig aonair. Bheadh uatha an tarna ceann d’fheiscint.
    Capall nó sean choileach ní dheunfaí riamh iad do chur chun báis acht chuirfí uatha ar chnoc nó sliabh iad i bhfad ón dtigh
    Nuair a doirtfí salann, dheintí é chaitheamh thar ghualainn. Is dócha go raibh san aca ó aimsir Judas.
    Ní raighadh duine riamh fé dhréimire. Dá ndeineadh sé thugadh sé an t-ath thuras fé.
    Iascaire le na mbuaileadh bean ruadh ar bóthar fanadh sé ag baile an lá san mar bheadh a fhios aige ná beadh aon mhaitheas ann do bheith ag iascach an lá sin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish