School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 158

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 158

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 158
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Deier na sean daoine an chéad sagart a tháinig go paróiste na Dromoda tar éis an Phéin Dlighe gur go Malainn a tháinig sé oidhche Sathairn is ní raibh aon fheisteas aca 'na chóir mar ní raibh aon choinne aca leis...

    Domhnall Ua Cúrnáin d’innis as Málainn 48 bl.
    Deir na sean-daoine an chéad sagart a tháinig go paróiste na Dromada tar éis an Phéin Dlighe gur go Málainn a tháinig sé oidhche Sathairn is ní raibh aon fheisteas aca ‘na chóir mar ní raibh aon choinne acu leis.
    Do chóireadar leabaidh do anuas ar chúil prátaí a bhí ar thaobh do’n tigh agus d’imthigh sé anonn ar maidin amáireach go séipéal Máistir Gaoithe.
    Pé uair a bhí ceapuighthe do’n Aifreann nuair a bhí sé suas ní raibh acht triúr fear sa tséipéal ar faid si d’fhéach an Sagart timcheall air is dubhairt sé “Tá sé aimsir Aifreann agus níl annso fós acht triúr. Caithimíd feitheamh go dtagaidh siad.” Do labhair duine leis na fearaibh is dubhairt sé “Tá sé chómh maith agat an t-Aifreann a rádh, a Athair, mar ná tacfaidh a thuille annso indiu.” “Is maith an áit a thug mo chosa mé más mar sin atá an sgéal” ars’ an Sagart ag tosnú ar an Aifrieann. Tig cinn tuighe a b’eadh an séipéal an uair sin. Fuarthas dreólán do mhaide giúise i Málainn sa tsliabh soir suas ón droichead a chuir ceann ar an séipéal ar fad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnall Ua Cúrnáin
    Gender
    Male
    Age
    48
    Address
    Málainn, Co. Kerry