School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 157

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 157

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 157
  3. XML “Scéal Faoistine”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal Faoistine
    Fear a bhí ann fadó agus do ghuid sé muc ó dhuine des na cómharsanaibh. Ón aonach a ghoid sé an mhuc. Bhí an sgéal go maith aige gur cuimhnigh sé ar dhul chun faoistine agus bhí eagla a chroidhe air roimis an sagart go marbhóchadh sé é. Bhuail sé isteach sa bhosca chun an t-sagairt agus do thosnuigh ar a sgéal a innsint do - na mion rudaí ar dtúis mar a deineann na h-aoinne. ‘I gceann tamaill’ ar seisean leis an sagart. “Do ghoideas súgán, a Athair.” Scaoil an Sagart leis agus i gceann tamaill eile dubhairt sé an rud céadna. “Dhera má dheinis féin” ars an Sagart “níor mhór an díoghbháil é sin.” Dubhairt sé an rud céadna an tríomhadh uair. “Dhera greada chughat, nár innsis é sin dhá uair cheana dhom” ars an Sagart. “Á” ars an fear “bhí muc i n-achrann i gceann de tá’s agat.”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Tá cois abhann síos ann Agus cois abhann aníos ann...

    Máire Ní Dhuibh adubhairt
    Tá cois abhainn síos ann
    Agus cois abhainn aníos ann
    Foithin an lae fhuair
    Agus fionnfhuar an lae the (acht do fhreagradh í mar leanas)
    Tá bascadh na lár
    Agus bád ‘na bhun
    A chúl sa ghréin
    Agus a aghaidh sa t-sioc
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Daniel O'Connell (~175)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Dhuibh
    Gender
    Female