School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 153

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 153

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 153
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear ag déanamh cleamhnais dá inghin. Nuair a chuaigh chun an talamh d'fheiscint dubhairt sé dá mhac an capall do chur agus í cheangal leis an bhfeóchadán agus leigint di inbhear ar an neanntóig...

    Murt Ua Muircheartaigh 12¼ bl. Cill Mac Ciarainn a athair Murt 50 bl.
    Bhí fear ag déanamh cleamhnais dá inghin. Nuair a chuaidh chun an talamh d’feiscint dubhairt sé dá mhac an capall do chur agus í cheangal leis an bhfeóchadán agus leigint di inbhear ar an neantóig. “Níl a leithéid ann” ars’ an mac. “Muna bhfuil cuir fé’n dtrucaill arís í go mbeimíd ag imtheacht abhaile. Ní linn an talamh so mar tá sé ró bhocht.”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Bhí fear i gCathair Saidhbhín cúrsa agus bhí ana dhúil aige in uisce beatha agus bhíodh an sagart go minic á rádh leis an tól thabhairt suas...

    Máire Uí Chúrnáin 12 bl. Dómhnall Ua Cúrnáin Málainn
    Bhí fear i gCathair Saidhbhín cúrsa agus bhí ana dhúil aige in uisce beatha agus bhíodh an sagart go minic a rádh leis an t-ól thabhairt suas. Bhí an fear san ag obair ag an sagart lá agus nuair a bhí an sagart á ndíol tráthnóna do tharraing sé buideál mór lán d’uisce beatha chuige agus líon gloine de chun an fhir is dubhairt “Caith siar an gloine seo cé gur minic mé a rádh leat gur tairrnghe id’ chómhrainn gach gloine aca ólann tú.”
    Do chaith an fear siar é agus dubhairt sé “Mhuis’ a Athair comáin tairrnghe eile im’ chómhrainn ós rud é go bhfuil an casúr id’ dhoirn agat.”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. (no title)

    Bhí fear cnag aosta cúrsa agus bhuail néal é go bpósfadh sé bean a bhí ar an taoibh de'n pharóiste...

    Bhí fear cnag aosta ann cúrsa agus bhuail néal é go bpósfadh sé bean a bhí ar an taoibh eile de’n pharóiste. Do phós sé í agus nuair a thug leis abhaile is amhl’ bhí sí bacach. “Cad a bhí ort agus an máirtíneach sin a phósadh,” arsa duine des na comharsanaibh leis. “Is baoghalach ná déanfadh sí mo ghnó” arsa an fear. “Ní chun rás a theastuigheann sí uaim.”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
      2. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
    3. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish