School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 150

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 150
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Chuir sagart ceist ar pháiste lá.

    Donnchadh Ua Súilliobháin Cill Mac Ciarainn 14 bl.
    Mícheal Ua Súilliobháin a athair
    Chuir sagart ceist ar pháiste lá. ‘Ciacu don Trionóid is cómhachtaighe’ D’fhreagair an pháiste ‘Bheadh mo sheasamh ar an duine aosta’
    Bhí sagart chun leanbh do bhaisteadh tráth agus d’fhiafruig an sagart do athair an leinbh ‘Cé bheadh mar athair baistidhe’ “Ó, Seámus Óg” ar seisean. “Tá cruinn” arsa an Sagart.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Bhí fear ag teacht abhaile ón gcathair agus é ar meisge.

    Siobhán Ní Mhuircheartaig Cill Mac Ciarainn 13 bl.
    A h-athair Partalán Ua Muircheartaig 48 bl.
    Bhí fear ag teacht abhaile ón gcathair agus é ar meisge. Chuaidh ar seachrán i gcoill isteach agus do bhuail i gcoinnibh crainn. Annsan dubhairt sé ‘Gabh mo leath sgéal, a dhuine uasail’ mar cheap gur duine uasail bhí ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. (no title)

    Sa tseana shaoghal fadó bhídís ag cur lín a bhogadh i bpoll portaigh agus ba mhinic dóibh ag goid ó na chéile.

    Sa tsean shaoghal fadó bhídís ag cur lín á bhogad i bpoll portaig agus ba mhinic dóibh ag goid óna chéile. Bhí fear ann darab ainm do Tadhg Ó Laoghaire agus dúil ró-mhóir i dtobac aige. Dubhairt le cómharsain go dtabharfad sé oidhche i bhfeighil an lín acht dóthain tobac a thabhairt do. Tráth san oidhche agus é i bhfeighil an lín tháinig fear chuige agus beart chamáin ar a dhrom. Chaith de thúirt ar an dtalamh iad. Bhí fear agus fear ag teacht agus gach éinne ag breith ar chamán fé mar a thagaidís go dtí gur tháinig an fear déidheannach agus dubhairt Tadhg ‘Ní córa dhíbh ná dhómhsa’ agus do bheir ar chamán mar fear agus do réidhtigheadar cluiche eatortha. An taobh go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Stiopán Ua Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    Kenmare, Co. Kerry