School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 147
- XML (no title)
- XML “Aogán agus Seán Bóine”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Chuaidh Tomás Ruadh lá isteach go tig 'station'. Bhí an sagart paróiste at ithe a bhricfeasta ag ceann an bhúird sa chistin.”
Domhnall Ua Cúrnáin Málainn d’innisChuaidh Tomás Ruadh lá isteach go tig ‘station.’ Bhí an sagart paróiste ag ithe a bhricfeasta ag ceann an bhúird sa chistin. Nuair a chuir Tomás a cheann sa dorus dubhairt an sagart “Cad é mar sórt duine thusa.” Duine ga ciall mé” arsa Tomás. An Sagart “Duine gan chiall a bhíonn indiaidh na cléire.
T.R.
Is duine gan chiall bheadh i ndiaidh na cléire
A gearrann le na bhfiaclaibh biadh gach aoinne
‘S gur ró olc ná tíghsig ‘na dtighthe féin iad. D’iompuig Tomás chun imtheachta acht do ghlaoidh an sagart air. Itheadar le cois a chéile agus deineadar daoine mór muinnteardha as san amach.- Aodhagán agus Seán BóineLucht féastaí móra is ólann mórán fíonta
Is itheann an fheóil rósta gach páis Aoine
Ní bhfaighid siad an trócaire dá bhrígh sin
Níl aon bhaoghal ar Seán Bóine ná Cáit Stephens (no title)
“Chas gaduidhe tráth le Padraig hussae go raibh sé giobalach, file bhí cois na Comarige theas mac úncail do Seán hussae a bheadh Pádraig.”
Chas gaduidhe tráth le Pádraig Hussae go raibh sé giobalach. File bhí cois na Comairge theas mac úncail do Seán Hussae a beadh Pádraig. Dúbhairt Pádraig:
Asmhúcán gairid liom
Balcaisí stracaidhthe
Seochus léir sgrios Dairbhreach(continues on next page)- Informant
- Domhnall Ua Cúrnáin
- Gender
- Male
- Address
- Málainn, Co. Kerry