School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 142
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Cailín a bhí ag bearradh uair.”
Seán Ruadh Ua Súilliobháin. Dromaireach Cailín a bhí ag bearradh uain. D’éirig sí chun an staimpí agus d’imthig uaithi an t-uan leath bhearradh. Chualaidh Seán an sgéal agus seo mar do chan.An t-uan úd Shiobháin is easnamh é san áit
Is fiú é teacht tráth a éileamh
Imthighidh chun siubhail is fillfidh é chughainn
Beidh a Daidí dar liom a’ pléidhe léi
Tá póna ins gach áit is a lomra mar phágh
Táim se a rádh leó go maireann sé fós
Agus cuarduig fé dhó na Comáin di
Cois na dTúirín agus téighid go Dochoill soir
Agus cois Comraig níor cuimhneabhair fós air
Cuirfeam Séafradh agus Blackeen thar Bealach Oisín go Dóin soir
Cuarduighidh an Gleann agus Ceapaigh lastall
Agus a Capaill gan dabht bíonn caoirigh ann
Fanfaidh go h-árd agus suas chun na béarnan
Mar a bheidh radharc ar an dtráigh laistíos díobh
Póna na Stéige is talmhan “Minnéir” é
Agus cuarduig as son go Caedh na bhFaoiteach
Beanntraighe Uí Shéaghdha gur fhághabhair bhúr ndéidh
Bíonn mórán Jobbéir a díol ann
Corcaigh cé gur mhór í caithfeam í chuardach
Cé gur fairsing a cuairt san timcheall(continues on next page)- Informant
- Seán Ruadh Ua Súilliobháin
- Gender
- Male
- Address
- Drom Oireach, Co. Kerry