School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 141

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 141

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 141
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí bean ar an mbaile seo go raibh gabha aici.

    Seán Ruadh Ua Súilliobháin ’84 bl. Dromaireach d’innis
    Bhí bean ar an mbaile seo go raibh gabha aici. I gcionn scathimh aimsire chuaidh seisean síos amach agus phós an tarna bean. Do loirg a chéad bhean de shiubhal coise é go bhfuair a scéala. Chualaidh eisean go raibh an tóir chuige agus séard a dhein sé ná bás d’fhághailt mar dheadh. Tháinig sí on doras agus caoin go fuigheach é.
    Buan tú fád’ tharainn a thánga
    Agus Nuair nár chualaidh fuaim id cheárdchain
    Ag déanamh crúdh, cuir, glais ná rámhainne
    Mo chúig céad deacair mar is marbh atá tú
    A bhean úd shuas go bhfuil an síod ort
    Do chosa ar do leath ghlúin is dearg do phíopa
    Ná tacfá anuas agus tfear a chaoineadh
    Tarna bean:
    Fear a geóbhadh sa mar ní fuilim críonda
    Agus dearbhráthair ní bhfuighir anois ná choidhche
    Sagart:
    Éist, éist a bhréabaire caile
    1ad bean:
    Éist se. Éist a bhréabaire Sagairt
    Tuill do sgilling agus téighir abhaile
    Agus leig domhsa do dearbhráthair a chaoineadh go maidin
    Tá an fhuiseóg ag labhairt is an lá ag eascairt
    Is is cóir dom féin bheith ag triall abhaile
    Go n’innseóchadh dod’ mháithrín is dod’ athair
    Go raibh gol mná aonair aréir ar a leanbh.
    D’éirg an sean leaid aniar is dubhairt “Fan go fóil a Cháit go mbead sa i n-éinfeacht leat agus do bhí.”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ruadh Ua Súilliobháin
    Gender
    Male
    Age
    84
    Address
    Drom Oireach, Co. Kerry