School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 140

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 140

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 140
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Ghabh bean suibhail go doras tighe dhuine uasail tráth agus bhí beirt naoidneáin ar a drom aici.

    Seán Ruadh Ua Súilliobháin ’84 bl. Dromaireach d’innis
    Ghabh bean siubhail go doras tighe dhuine uasail tráth agus bhí beirt naoindeáin ar a drom aici. “Cá bhfuairis iad san” ars an bean uasail go h-obann. “Ó Dhia na Glóire is ó mo fhear pósta” ars an bhean bhocht dá fhreagairt. Dubhairt an bhean uasail “Ní raibh cúpla ag aon bhean riamh acht go raibh beirt fhear ag déighleáil léi” agus b’éigean don mhnaoi imtheacht gan déirc. Tháinig léi féin beirt leanbh tamall na dhiaidh sin agus séard a rinne sí ná leanbh mic orra do chuir i gcróitín na muc acht thárla nár bhac na muica leis. Bhí sean lánamha gan ‘fhamily’ ag obair dóibh agus d’árduig an sean bhean léi an leanbh agus do hoil mar a leanbh féin é. Sula a tugadh air agus nuair d’fhás an fhear thárla lá gur chuaidh uain na sean-daoine thar teórainn i gcoirce an duine uasail. Coimeádfaí um an dtaca sin gach a théigheadh thar teórainn. Tháinig an duine uasal suas leis an leaid agus d’fhiafruig an leaid air an cheist a fhágaint fé mholadh. “Cad é an moladh dheunfá” ars an duine uasal. “Céad bearradh na n-uan do thabhairt duit se i n-éiric céad bearradh an choirce a bhaineadar. Cheistig an duine uasal na sean daoine i dtaobh an bhuachaill agus dhein amach gur leis féin é. Seo an moladh a dhein Sula "moladh gan cam gan claon.”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Folktales index
    AT0920: The Son of the King (Solomon) and of the Smith
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ruadh Ua Súilliobháin
    Gender
    Male
    Age
    84
    Address
    Drom Oireach, Co. Kerry