School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 137
- XML (no title)
- XML “Aoir na bhFrancach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí geall idir filíbh fadó ciacu is fearr dheinfadh bhéarsa áiféis.”
(continued from previous page)Is minic a chonnac sa dris gan deilgne
Mada ruadh gan cluas gan eirbeall
Teampall sa dhá cheann ag eitirig
Naosgach is naoi gclocha geir innti
‘S ní breugaidhe mé féin ná an té chreifidh me- Dómhnaill Ua Cúrnáin d’innis Aoir na bhFranncachTháinig file cúrsa chun tighe feirmeóra chun franncaig a dhíthuadh le “Aoir na bhFranncach” go mbáithfaidís iad féin. Bhí garsún ana fáideamhail sa tig is dubhairt an file (de mhuinntir Fághailbhe a beadh é). “A gharsúin ba chóir go bhfuil an oiread cab aighnis agat-sa is go ndítheofá na franncaig seo gan bheith ag cur fios orm-sa iad a bháthadh. Dúbhairt an garsún;
Go deimhin tóige is mir’ orm
Is baineann a lán fáin díom
Ach nílim mór na tuisganach
Mar file mhuinntir Fhághailbhe
Acht ó taoise críodna fuirighe
Is ó thánaís in ionad coinne leó
Feicimís i gcurraigh tú
In iomall sruth á mbáth’ iadD’imthigh an file ar an láthair sin mar (b-) is ar an ngarsún ba ghiorra mhoill iad do dhíthuadh.- Informant
- Domhnall Ua Cúrnáin
- Gender
- Male
- Address
- Málainn, Co. Kerry