Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 133
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Baile i bhfad siar i bhfad siar...

    Dómhnaill Ua Cúrnáin Málainn
    “Baile ‘bhfad siar ‘bhfad siar
    Baile ‘bhfad siar na Cúla
    Baile bhfad siar ‘bhfad siar
    Is tá baile níos sia siar na Súd ann.”
    Tá go ceart a’s paróiste beag ar fad siar ó Bhealach na gCúl. Paróiste na Cille – Cill Imleach a tugtí uirri. Is fé chómairce Naomh Fhionán a bhí sí is bhíodh lá le Fionán (An 16ad Márta) ‘na lá saoire ann i gcómhnuidhe is i bparóiste na Dromada chómh maith. Ní bhí aon tsaoire sa Phriaireacht ach bhíodh is bíonn fós lá le Mhichíl. Bhí fear fadó sa taobh siar de Bhealach na gCúl is bhí formad aige le muinntir na Priaireachta toisg go mbídís ag obair lá le Fíonán is muinntir paróiste na Cille díomhaoin an lá san. Do chuimhnig sé a sheift go raghadh sé thar paróiste amach ag obair an lá sin díreach ar an dtaobh amuigh den teorainn ar an dtaobh shoir don bhealach ag baint aitinn. Do bhuail sé soir thar Bhealach ar maidin an lae sin le na ghrafán is níor fhan le h-Aifreann ná le h-órd. Réal sa ló a bhí mar phágh ag fir oibre an clair sin. Thosnuig sé ag baint aitinn. An chéad buile do bhuail sé ar thor aitinn chuir sé raol ag preabarnaig amach as. Do bhuail sé buile eile is bhí an sgéal céadna é. Comáin sé raol eile amach as. Bhuail é an tríomhadh buile is in ionad réal ná pingin bheith aige. Is amhlaidh bhuail sé flíp an chlár na lorgan aige féin is dhein sé spóitseach dá chois. Chuaidh abhaile. Thóg sé an leabaidh is má thóg ní raibh aon leigheas do is bhí lúid aige a chur don tsaoghal é thara fada.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ua Cúrnáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Málainn, Co. Kerry