School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 132

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 132

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 132
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear lá ceóidh shuas ar mhullach Cnoc Málainn as chuadlaidh sé bean sidhe ag caoineadh Dhiarmuda mar a chualaidh mórán roimis sin í.

    Dómhnaill Ua Cúrnáin Málainn
    Bhí fear le ceóidh shuas ar mhullach Cnoc Málainn as chuadlaidh sé bean sidhe ag caoineadh Dhiarmuda mar a chualaidh mórán roimis sin í. Deir siad gur mac di Diarmuid a fuaduigheadh is tar éis bháis don mháthair go mbíodh sí ag caoineadh an mhic ar fuaid na gcnoc. Deir a thuile gur dearbhráthair dí Diarmuid as gur chuadar araon amach Oidhche Nodlag bheag go bhfeicidís fíon á dheunamh don uisge is na fachtas iad araon ó shoin i leith. Pé sgéal é bhí sí ann an lá sa fadó is an fear ag éisteacht léi. Dúbhairt sí
    “A Chúm a’ báis, a bhfeicfeá Diarmuid,
    A Túirín na gCiaróg, A bhfeicfeá Diarmuid
    A Chlochán Mhóir, A bhfeicfeá Diarmuid
    A Túirín na Binne, a bhfeicfeá Diarmuid”
    is mar sin di. Do chei
    tig sí gach aon áit timcheall is do fhreagair gach áit aca í i ndiaidh a chéile. “Ní fheaca.” Do chuaidh sé annsan thar mullach ó thuaidh annsan ag ceistiú gach aon áit is bhé an sgéal céadna é annsan go ndubhairt sí “A Thobair an Ghlóir a bhfeicfeá Diarmuid.” Do fhreagair Tobair an Ghlóir í, “Do chonnac,” Tá sé annso agus a cnámha scuidhthe.” Bhí an ceart ag Tobair an Ghlóir. Bhí Diarmuid marbh ann is gan ann ach an clíteach. Do ghoil sí a dá dóthain ós a chionn is níor chualaidh aoinne saoghalta riamh ó shoin í. Tá Tobar an Ghlóir i gcnoc Cheanna Buirn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Dómhnall Ua Cúrnáin
    Gender
    Male
    Address
    Málainn, Co. Kerry