School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 131
  3. XML “Diarmuid Ó Samháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dómhnaill Ua Cúrnáin Málainn
    Diarmuid Ó Samháin
    Bhí fear ann fadó gur b’ainm do Diarmuid Ó Samháin. Bhí sé go beó bocht i dtosach a shaoghail acht tháinig airgead éigin air i dtreó is nár aithin sé é féin ná aoinne eile. D’éirig an fhuil uasal agus nuachtair an ucht’ aige is gur cheap sé go raibh “Ó Samháin” mar ainm ró íseal do is go dtógfadh sé “Ó Briain” mar ainm ‘na ionad.
    Thug sé dínnéir mór uaidh chun an nuadh bhaiste is bhí an dá shagart paróiste sa dhá pharóiste ba ghiorra don pharóiste sin is sagart na paróiste is an sagart óg ó na pharóiste féin sa láthair. Bhí rósta an ríogh aca is gach aon ollmhaitheas as nuair a bhíodar sásta do thosnuig an sagart ar an mbaiste nuadh is lean an dá shagart paróiste eile é is sé an sagart óg chuir an clabhsúr ar an sgéal. Seo mar a labhradar.
    1. S.P. Deirimse gur Ó Briain a mhiasa agus a chupáin
    2. S.P. Deirimse gur Ó Briain a iallait ‘gus a gharráin
    3. S.P. Deirimse gur Ó Briain a sliasadh agus a slinneáin
    4. S.óg Deirimse go bhfanfaidh sé bliadhain eile ‘na Dhiarmuid Ó Samháin
    Bhí deire leis an mbaiste annsan.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Dómhnall Ua Cúrnáin
    Gender
    Male
    Address
    Málainn, Co. Kerry