School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 128
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí file ar an Mhálainn timcheall cheithre fichid bliadhain ó shoin gur bhainn do Fíon án Eoghan Ua Cúrnáin.”
Domhnall Ua Cúrnán Málainn Bhí file ar an Mhálainn timcheall cheithre fichid bliadhain ó shoin gur b’ainm do Fíonán Eogan Ua Cúrnáin. Dall a b’eadh é acht ámhránuidhe breágh ar fad a b’eadh é is bhí beirt driféir aige ná raibh aon teóra leó chun amhráin a ghabháil. Churidís guth ar Oisín agus Pádraig. Chuaidh Fíonán cúrsa go dtís na Gherraidhní chun peall bréidte do reamhrú. Ag Tadhg Ua Cúrnáin bhí an mhuileann agus seo amhrán dhein sé air.Do bheartuigheas chun bóthair is fuadar am chionn
Is cuisne don chruadh shneachtadh á bualadh ar mo chúl
Chun gur dheachas go dtí an sárfhear gur leis mo shiubhal
Sé Tadhg mait ‘ac Domhnaill an t-óig fhear deagh chlumhailSé dubhairt sé Dé bheatha is fan fairm go lá
Bíodh do bhréidín i dtreó agat i gcóir é thucáil
Is a Fhionáin ac Eoghain bhoicht is brón liom do chás
Tú gan radharc shiubhal na mbóithre ná eólas casánDo cóirigheadh dom leabaidh go fairsing don tuighe
Fé na bratacha geala agus cuilt ar an ndruim
D’fhanas go lá ann chómh sámh leis an Rígh
‘S ar mo bhréidín ar maidin níor glacadh aon díol(continues on next page)- Informant
- Dómhnall Ua Cúrnáin
- Gender
- Male
- Address
- Málainn, Co. Kerry