School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 121
  3. XML “Clochán Mhóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dómhnall Ó Cúrnáin Málainn
    Clochán Mhóir
    Clochán é seo i gcnoc Mhálainn. Deir sean daoine gur fuadaigheadh triúr driféar as móinfeur taobh thall de Góilín lá breágh Foghmhair a’s cuireadh bean aca go ceanntar an Daingin, bean eile go Cill ó Gróin agus an tríomhadh bean go Clochán Mhóir. B’ainm dí sin Mór is bhíodh sí á fheiscint ag Clochán Mhóir agus síos suas an Caol an Sprid an mheádoin lae. Bhí garsún ó Cill mac Ciarainn lá thuas ag Clochán Mhóir fadó saoghal is chuaidh Mór ag caint leis. Chuir sí tuairisg air. ‘Cá raibh gach aon áit timcheall. An Carraig, Ceannfhionn, Túirín na gCiaróg, Cuimín Doimhin, Cúim a Bháis. Thaisbeáin sé na h-aon cheann aca. “Cá bhfuil Clochán Mhóir” ar sise sa deire. “Má’s is fearr fhios agat féin é sin ná agamsa” ars’ an garsún. Thóg sí le leangaire baise é treasna na leacan is is tréigein bháis is bheatha. Chuaidh sé abhaile. Thóg sé an leabaidh as níor mhair acht cúpla lá. Deirtear go raibh sí ag caint le fear eile na bliadhanta dubha na dhiaidh. Sin as go raibh sí go muinnteardha leis as ag deunamh grádha leis. Bhí cúl gruaige uirthi cómh buidhe le giní a’s seo mar d’innis sé an sgéal.
    Mór nú bean na Gruaige Buidhe
    Maidin aoibhinn Fóghmhair gan ceó na
    Ar leath taoibh gleanna go h-uaibhreach ag Clochán Mhóir do bhíos
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnall Ó Cúrnáin
    Gender
    Male
    Address
    Málainn, Co. Kerry