School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí buachaill aimsire ag fear tráth agus nuair bhíodh smut caorach don dinnéar gach lá aca...”
Brighid Bean Uí Dhálaigh, Cúmastabhadh, 84bl Bhí buachaill aimsire ag fear tráth agus nuair bhíodh smut caorach don dinnéar gach lá aca bíodh i gcómhnuidhe grabhas ar an seirbhíseach. Uair do mhairbh an fear fiadh agus níor b’fhéidir leis an mbuachaill giota beag ná mór de a bhlaiseadh. Cuireadh lá pláta feóla an duine don mbeirt agus thosnuig an buachaill mar seo.“Is mairg ná coinnigheann a chiall
Is ná cuireann srian le na guth
Anois ó tháinig an fhiadh
Is maith an t-adhbhar bídh an chaora dhubh”- Domhnall Ua Cúrnáin, 48 bl. Málainn, a athair 80 bl.Máire Ní Dhuibh agus an buachaillM.N.D.
Do bfearr liom ná mo chapaill is na Baile na Buaile
Go mbeadh mo ghoile agam chómh maith leat, a bhuachaillAn B.
Dá mbáil leat eirghe ar maidin as an baile seo cuardach
Is dul ón mbaile seo go baile na buaile
Claoidhe leis an obair agus do bholg do suathadh
Do bheadh do ghoile ‘gat chómh maith leis an mbuachaill(continues on next page)- Informant
- Domhnall Ua Cúrnáin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Address
- Málainn, Co. Kerry