Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 115
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí buachaill ó dheas san nGleann Mór as bhíodh sé ag tabhairt aire dos na buaibh...

    Bhí buachaill ó dheas san nGleann Mór a’s bhíodh sé ag tabhairt aire dos na buaibh agus séard an págh a bhíodh i n-áirithe dho ná lán a hata do phrátaibh ó gach aoinne ar an mbaile. Do chum sé bhéarsa agus adubhairt.
    Tá an hata so go h-athuirseach
    Ag tnúth le teacht
    An leabadh beag gan deargadh
    A’s an chúil go lag
    Níor bhfearra díbh fear Cairbre
    na ndúthaig ‘ndeas
    Deurfadh paidir le bhúr n-anam ná an té dúiseóchadh ba
    Brighid Bean Uí Dálaigh, Cúmastabha, 84bl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Uí Dhálaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    84
    Seoladh
    Com Dhá Stogha, Co. Kerry
  2. (gan teideal)

    Leas máthair buachalla a bhí ann agus séard a deineadh sá ná licín slinne chur i lár an aráin don bhuachaill...

    Leas máthair buachalla a bhí ann agus séard a deineadh sé ná licín slinne chur i lár an aráin do buachaill ionnus go mbeadh crot ní bfearr ar adhbhar bídh an duine san. Níor dhein an t-athair aon amhras ar an obair go ndubhairt an buachaill oidhche.
    Bhfearra dhom go mbeadh mo licín ithte
    Agus mo chosa nighthe
    Agus go mbeinn sa tSúsa.
    (Amhail thuas)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.