School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 103
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    De bhailtíbh taithneamhacha do dhearcas lán chuid

    Amhail le h-amhrán eile
    Ní raibh eólas ar cé dhein
    Do bhalitíbh taitneamhacha do dhearas lán chuid
    I dtiorthaibh áilne thar sáile i gcéin
    Tríd ghleanntaibh Alban le h-ais na n-árd chnoc
    Is mórán díobh in ár n-oileán féin
    Dob aoibhinn cheapas iad agus dubhairt nách dán dom
    Aon bhall níos bhreághtha ná níos taithneamhaighe
    Ná iad súd d-amharc
    Ach oró Chill Áirne, Oró Chill Áirne
    Is tú grádh mo chroidhe
    11.
    Bíonn uaisle a’ taisdil ann abhfad thar sáile
    Is cómhnuighid trátha ann ag feasd’ a súl
    Ar aoibhneas Pharrathais mar is beag nách áilne
    An ball searc breághtha so do cheap Rí na nDúl
    Ar bhrághaid na Loch ‘s glas tuigh oileán ann
    Mar péarlaidhe faisgigthe ar sciath an Ríogh
    Is seanda seasamhach na n-árd chaisleán ann
    Ach oró Chill Áirne, Oró Chill Áirne
    is tú grádh mo chroidhe
    111,
    Is ceólmhar d’fhreagrann macalla na h-adharc' ann
    Ó thaobh na bhfaillte is ó ghleann go gleann
    Is fairsing leathan ó gach Árd Chnoc radharc ann
    Ar cuantaibh doimhne ‘s ar bhántaibh abhann
    Is léimneach achrannach a h-uisge a’ damhas ann
    Thar dhruim na sleamhain chloch don Loch ar shligh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish