School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 102

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 102

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 102
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Ba mhór é mo mhearbhall an lá cheapas ar dul thar tuinn

    Amhail le taoibh eile.
    Micí Sheáin Dáith Ua Siodhthcháin ó Cathair Sabhán do cum agus é thall i n-Aimeirice
    1.
    Ba mhór é mo mhearbhall an lá cheapas ar dul thar tuinn
    Go náisiún fuar dealbh mar a dtómhaistear chúghainn blúirín bídh
    Bionn búistéirí ag gabháil timcheall le rasbarach d’feóil gan saill
    A’s is trom é ár mbille le freagairt i gconn an mhí.
    11.
    Dá mbeinn se sa bhaile ní bheadh orm brón sa tsaoghal
    Dá bhúr bás dom ar maidin bheadh mo cháirde ag treabhadh fám’ dhéin
    Mo chomharsain breágh blasta do cheapas do bfearr sa tsaoghal
    Raghadh go dtí an Teampall le na gcapaill is eileóchadh phágh na taobh
    111.
    Nuair a bheinn se sa chathair bhíodh mo bha gan treó am dhiaidh,
    Na seasamh sa mhacha a’ feitheamh go gcrúdhfainn iad
    Bheinn a seóladh fé’n ngairbhthean gach maidin sar a eirigheadh grian
    ‘S do bfearr san liomsa ná muilte as overseers
    V.
    Dá n’imtheóchadh an scamall den talamh do bhfearr sa Ríoghacht
    Do thagfainn se abhaile as bheadh agam prátaí arís
    Im as bainne caitheamh ‘gus fághailt mar bhíodh.
    Agus marcaidheacht ar capall do thógadh an brón dem’ chroidhe.
    V1.
    Céadaoin sa chathair is mé am sheasamh ag crois Sheáin Cionnaird
    Lem’ thrucaill breágh dearg is feircíní im le díol
    ‘S nuair d’ólfainn braon leanna ní fheadrainn an tsaoghal cá mbeinn
    ‘S mo bhean agus leinbh ag feitheamh liom i gcóir an tighe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micí Sheáin Dáith Ua Siúdhthcháin
    Gender
    Male
    Address
    Cahersiveen, Co. Kerry