Ag Díol Coinín
3:6:1938
Fuaireas an scéal só ó mo athair, Mac Thaidhg Uí Loingsigh.
Do bhí bean ag díol coinín. Ní raibh aon bhéarla ag an mhnaoi. Do tháinig fear cun an (coinig) coinín do cheannach. Ní raibh aon ghaedheilg ag an bhFear.
“Is le (a) fat?” arsa an fear. “Ní h-eadh ná cat; acht coinín reamhar breac,” arsa an bhean. “Is he a hare?” arsa an fear. “Níl ná caoc is maith an dá chnap súil atá aige féin,” arsa an bean.
Do thosnuigh siad ag éanamh margadh.
“I will give you a shilling for him” arsa an fear. “O, ní dhíolfainn ar réal é; ach b’fhearr liom é bheith agatsa ná ag aenne,” arsa an bhean.
Pronnsaés Ó Loinsigh
Dúinín,
Cathair Saidhbhín.