School: An Fhaill Mhór (roll number 12701)

Location:
Foilmore, Co. Kerry
Teacher:
Domhnall Ó Mathghamhna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 054

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 054

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Fhaill Mhór
  2. XML Page 054
  3. XML “Mo Licín Lite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mo Licín Lighthe 31-1-1938
    Fuaireas an sgéal so ó mo mháthair, Bean Thaidhg Uí Loinsigh. Do rugadh agus do tógadh ins an Dúinín í. Deir sí gur chualadh sí an sgéal fadó ó shoin.
    Fadó do bhí fear agus bean pósta le chéile agus do bhí mac aca. Nuair a bhí an mac ana óg do fuair a mháthair bás. Do phós an fear arís.
    D’órduigh sé d’á mhnaoi bheith ana cheanamhail ar an mac agus go leór bídh thabhairt do. Ní raibh an bhean ró cheanmahail ar an mac ach bhí eagla uirthi roimis an bhfear. Gach lá nuair a bhíodh císte ‘á dhéanamh do’n mhac do chuireadh sí leac bheag chiorcallach isteach i lár an chíste chun go gceapfadh an fear go raibh an císte go mór.
    Níor mhaith leis an mac a rádh len’ athair mar gheall ar an lic mar bhí eagla air roimis a leas mháthair ach ba mhaith leis go gcloisfeadh an t’athair mar gheall air. Oidhche amháin ‘na suidhe timcheall na teine. Tháinig an t-am chun dul a chodhladh.
    “Seadh anois,” arsa an mhac “dá mbeadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pól Ó Loingsigh
    Gender
    Male
    Address
    Dooneen, Co. Kerry
    Informant
    Bean Thaidhg Uí Loingsigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Dooneen, Co. Kerry