School: Gleann Beithe
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 456
- XML “Na Díshealbhuithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Dith-SealbhuightheAinm an Aithriseóra: Bean de Búrcac.
A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
A Aois: 53 bl.Bhí tighearna talmhan i nGleann Beithe timcheall dachad bliian ó shoin . Wynn dob' ainm dó.
Bhí sé ana chruaid ar na tionóntaidhthibh.
Bhí an saoghal ana chruaidh agus níor bhféidir leo an cíos do dhíol.
Dubhradar le na chéile na díolfaidis aon chíos dó dí go leagfaí dóibh é.
Ní tabharfhadh sé aon leagadh dóibh. Tug an tighearna talmhan bailí agus sirraimh cun a n-ainmhidhthe do thógaint.
D'iompaig na daoine ortha le pící sluasaid rainn is clocaí.
Ní leogaidís na h-ainmhidhthe leo.
Nuair a chuaidh sin diobh do leagadar is do dhóigheadar na tighthe ortha.
Nuair a bhí na daoine gan tighthe ná áit chómhnuidhthe ní leógadh sé dóibh foithid a thógaint i n-aon áit.
Dein siad bearraic i gcóir saighdiúirí i gCúm a Sathairn go mbead sé (dóibh)(continues on next page)- Collector
- Brighih de Bhúrcach
- Gender
- Female
- Address
- Ballynakilly, Co. Kerry
- Informant
- Bean de Burcac
- Gender
- Female
- Age
- 53
- Address
- Ballynakilly, Co. Kerry