School: Gleann Beithe
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 369
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cistí Óir i bFolachAinm an Aithriseóra: Eibhlín bean Uí Póil.
A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
A Aois: 50 bl.Deirtear go bfuil óir agus airgead annso agus annsúd i nGleann-Beithe.
Dála na sean daoine tá páirc in ár bhfeirm agus seo é an sgéul i dtaobh an chiste óir agus airgead atá ann. Aon oidhche amháin bhí aislíng ag mo shean-athair go raibh ciste óir i bhfolach i bpáirc a'choill agus bhí an aisling céadhna aige ar feadh trí oidhche.
Annsan d'eirig sé go moch ar maidin an triomhad laé agus chuaidh sé go dtí an áit agus bhí sé ag rómhar na talmhan le rámhan agus sluasad agus tháinig sé go dtí cloch mhór agus bhí an t-ór fé an gcloich san, dar leis an aisling.
Ach ar an nóimeat san thosnuig teintreach agus tóirneach agus do rith an fear abhaile agis níor chuaidh sé go dtí an áit arís. Deireann na daoine go bfeaca s é sprid. Ór a bhí san áit sin.
Tá ciste óir i bhfolach i gCúm a'Sathairn leis. Bhí fear ag déanamh tighe blianta ó shoin(continues on next page)- Collector
- Labhaoise Ní Póil
- Gender
- Female
- Address
- Ballynakilly, Co. Kerry
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Póil
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Ballynakilly, Co. Kerry