School: Gleann Beithe

Location:
Glenbeigh, Co. Kerry
Teacher:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Filter stories

Back
/ 470 Forward
Resolution: Low | High
Lucht Siúil na Tuaithe

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 351

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Lucht Siubhal na Tuaithe.

Ainm an aithriseóra: Máire bean Uí Riordáin.
A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann Beithe.
A Aois: 50 bl.
Siad lucht siubhail na tuaithe ná daoine bochta a théigheann ó áit go h-áit ag lorg déirce agus ag bailiú airgid, agus ná bíonn aon tighthe cun comhnuidhthe aca.
Bíonn a lán siubhail insan gconndaé seo, a thagann ó gconndaedthe eile.
Téigheann a triur nó a ceathrar de clann timcheall na tíre agus cuireann siad fútha in áit éigin annso agus annsúd.
Cuireann siad suas cabháin ar thaoibh an bhóthair in-áit foithineach. Cócairigheann siad a gcuid bidh agus nigheann siad a n-éadaigh agus rl.
Bíonn teine móra acu i n-aice na gcabán. Bíonn na fir i n-aice na dteinte ag deunamh gallún agu sáspan. Díolann siad iad. Bíonn rudaí le díol ag na mnáibh leis i gciseánaibh .1. pictiúirí, lása iallaití, snasán agus rudaí eile.
Bíonn siad go h-an mhaith cun mhaireachtaint. Tiomáineann na fir ins na truachaillibh iad ó

(continues on next page)
Collector
Nóra Ní Ríoghbhardáin
Gender
female
Address
Kilnabrack Lower, Co. Kerry
Informant
Máire Bean Uí Riordáin
Gender
female
Age
50
Address
Kilnabrack Lower, Co. Kerry
Language
Irish