School: Gleann Beithe
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 337
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ann agus ithtear iad cun fola do glanadh.
Duileasc. Glan é agus ith é agus leigheas maith iseadh é cun píastaí.
Duilleóg Cabáiste. Leigheas an-maith iseadh é cun cinn tinn. Nightear é ar dtúis agus cuirtear ím gan salann air agus annsan cuir ar an gcneadh é, go mór, mór ar ceann tinn.
Feamnach. Téir go dtí an tráig agus faig an píosa feamhnaig. Annsan nígh é agus cuir isteach i gcorcán é agus uisce, chuir ó's cionn na teine cun í do bheirbhiú. Annsan ar feadh tamhaill caith amach an t-uisge sin a bhí ar mar tá sé ró salannach. Annsan nuair a bhíonn sé beirbhthe sgag é agus fág annsan é go dtí go mbeidh sé fuar. Cuir píosa de isteach i bpíosa éadaigh bháin agus cuir ar an áit in a mbhíonn an dathach ann. Leigheas maith iseadh an feamnach cun an dathaig.
Bainne Cinn na n-éan. Leigheas maith chun geárrtha nó méiscrí iseadh é. Prioch é agus geárr an ceann dé agus coiméad an t-uisge agus na fraoch , cuir cun beirbhthe é ar feadh úaire. Annsan sgag é agus coimeád an t-uisge agus nígh an cneadh nó na méiscrí léi agus tá sé an mhaith.
An Sméirmint. Prioch é agus cuir cun beirbhthe é in uisge. Nuair a bhíonn sé beirbhthe(continues on next page)- Collector
- Labhaoise Ní Phóil
- Gender
- Female
- Address
- Ballynakilly, Co. Kerry
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Póil
- Gender
- Female
- Age
- 47
- Address
- Ballynakilly, Co. Kerry