School: Gleann Beithe
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 329
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bíonn an buacaill ag innshint gach rud mar gheall ar a fheirm féin agus ar cad é an sórt talmhan í, nó an mó stuaic atá ann do'n stócach agus rud níos fearr ná san tugann sé deoch sa bhreis dó cun go molfadh sé an fheirm.
Nuair a bhíonn an dhá clann sásta, socruigheann siad dáta ar an pósta.
Cúpla lá 'na dhiaidh san téigheann fear ó thig an cailín cun fheirme an bhuachalla d'feiscint agus a h-athair agus a mháthair ann leis. Bíonn siad ag caint mar gheall ar an gcleamhnas.
An té go mbeifí ag déunamh cleamhnais dó agus ná críochnófá é, adeirtí go ndeaghaidh s é cun na Sgeilge.
Bíonn an spré ag an gcailín.
"Cliamhain isteach" a glaodhtar ar an bhfear á phósann cailín go bhfuil an fheirm aici agus go bhfuil an t-airgead aige.
Lá nó mar sin roimh an bainfeis téigheann an buachaill go tig an tsagairt cun an pósadh do cur i n-iul dó.
Téigheann siad go dtí an baile mhór agus bailigheann muinntir an dhá clann le céile, ag caint, is ag cadaráil, is ag cur tré céile. Ceannuigheann siad rudaí deasa i gcóir na bainfeise.
Maidean an pósta bíonn breichfeast mór i dtigh(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Gender
- Female
- Address
- Kilnabrack Lower, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Rioráin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kilnabrack Lower, Co. Kerry