School: Gleann Beithe

Location:
Glenbeigh, Co. Kerry
Teacher:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 321

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 321

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Beithe
  2. XML Page 321
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean - Cheardanna
    Ainm an aithriseora: Bean de Burcac.
    A seoladh: Baile na Cille, Gleann-Beithe.
    A aois: 53 bl.
    Bhíodh a lán ceárd annso fadó. Do dheinidís coinnle de géir na mbó i múnlaibh. Do leaghaidís an géir i gcorcán. Gheibhidís múnla annsan agus cuiridís snáithín isteach i lár an mhúnla. Cuiridís cipín treasna i mbéul a mhúnla agus chuiridis ar fód móna buighe é agus chaithidís an géir isteach sa mhúnla. D'fhágaidís annsan í ar feadh dá uair deúg a chluig. Tharraingidís amach as an bhfód annsan é. Bhogaidís leis an dtéine an múnla agus tharraingidís amach as an mhúnla an choinneal agus bhíodh an coinneal déanta annsan.
    NÍ fheadar conus a dheinidÍs gallúnach.
    Do dheinidís ciseáin as slataí. Do chuiridís sé cinn déug i ndóanna na seasamh i bhfuirm fáinne ar fód mór ar an dtalamh agus do dheinidís a lán eile diobh do thochairt tré na chéile.
    Do dheineadh na gaibhne ramhainí as iarainn n-a gceárdcain.
    Do dheinidís geataí as iarann agus as adhmad.
    Ní h-eól dom conus a dheinidís céactaí nó drollanna.
    Do dheinidís crochanna as buinn cairte agus do chuiridís puill ionnta agus' do chrochaidís iad as spíce ó'n seimné.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighidh de Bhúrcach
    Gender
    Female
    Address
    Ballynakilly Lower, Co. Kerry
    Informant
    Bean de Burcac
    Gender
    Female
    Age
    53
    Address
    Ballynakilly Lower, Co. Kerry