School: Gleann Beithe

Location:
Glenbeigh, Co. Kerry
Teacher:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 312

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 312

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Beithe
  2. XML Page 312
  3. XML “Scéalta Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgeulta Grinn
    Ainm an Aithriseóra: Bean Uí Gráda.
    A seoladh: Cill na mBreac, Gleann beithe.
    A aois: 81 bl.
    Bhí bean agus a fear chéile in a gcómhnuidhe annso fadó. Bhí airgead go leór acu agus bhíodar an-shaidhbhir ar fad. Bhí pálás bhreagh áluinn acu. Ní raibh aon trioblóid ortha ach cheann amháin ná raibh aon chlann acu.
    Bhí a lán seirbhíseac ag obair insan dtig idir buachaillí agus cailíní.
    Bhí an bhean go deas agus go h-áluinn, agus do bhí sí an-cheanmhail ar na daoinibh bochta agus ba mhinic a tug sí déirc dóibh.
    Aon lá amháin tháinig saghas fiabhrais ar an mnaoí agus bhí sí an-bhreoidhte. Bhí an dochtúir ag tabhairt aire di agus thug sé meidicín di, ach níor dhein sé aon mhaith uirthe.
    Fé dheire fuair an bhean bás agus bhí brón ar gach aoinne 'san dtig.
    Bhí fáinne breágh áluinn ar mhéir na mná agus do dhein a fear-chéile dearmhad chun é do baint. Sar a chuireadh í chonnaic duine des na seirbhíseacaibh an fháinne ach níor labhair sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0990: The Seemingly Dead Revives
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Súilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Curra, Co. Kerry
    Informant
    Bean Uí Gráda
    Gender
    Female
    Age
    81
    Address
    Kilnabrack Lower, Co. Kerry