School: Gleann Beithe (B.) (roll number 4762)

Location:
Glenbeigh, Co. Kerry
Teacher:
Séamus Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Beithe (B.)
  2. XML Page 120
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéul
    Bailighthe ag Seán Mac Suibhne, Baile na Cille.
    Fadó fuair bean bás in aice le Cill-Organ. Máthair scuaine leanbh do beadh í . Do bhí sí curtha le cúpla mhí nó mar sin. Bhí capall liath ag fear-a-tighe agus do rith an capall gach lá mór-thímpal na páirce ar feadh trí seachtmhaine agus bhí eagla mór ar muintir an tighe. Chuaidh an fear go dtí an sagart paróiste agus d'innis sé an sgéul dó agus d'iarr sé ar an sagart an t-Aifreann do léigheamh ar son a h-anama agus tháinig an sagart chun an tighe cúpla lá na dhiaidh sin agus léig sé an t-Aifreann. Dubhairt an sagart leis, "Muna dheineann an rud sa aon maith duit tar cúgham arís." Níor dhein agus chuaidh an fear go dtí an sagart arís. Dubhairt an sagart leis dul go dtí an reilig agus an uaig d'oscailt agus an fáinne do thógaint ó mhéir na mná. Dhein an fear an méid sin agus stad an capall ó'n rith.
    D'innis mo shean-athair Padraig Ó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Address
    Ballynakilly Lower, Co. Kerry
    Informant
    Padraig Ó Buachalla
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Ballynakilly Lower, Co. Kerry