School: Gleann Beithe (B.) (roll number 4762)

Location:
Glenbeigh, Co. Kerry
Teacher:
Séamus Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 107

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 107

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Beithe (B.)
  2. XML Page 107
  3. XML “Mo Cheantar Féin”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bailighthe ag Seán Mac Suibhne Baile na Cille.
    Bhíodh bean-mara le feisgint ag Ros-Beithe gach maidin bhréagh de mhí Bealtaine fadó. Do thárla go raibh fear in a chómhnuidhe i nGleann Cárthaigh agus fuair sé amach go raibh an bhean-mara le feisgint ar an tráigh agus do thagadh sé go dtí an tráigh gach maidin go moch ar feadh trí laetheannta agus a chapall aige. Ní fheaca sé an bhean an chéad maidin ná an tarna maidin ach do tháinig sé go dtí an tráigh an tríomhadh maidin roimh eirighe na gréine agus cad a chíidhfeadh sé ós a cómhair amach in a suidhe ar an tráigh agus í ag cíoradh a cuid grúaige ná an bhean-mara. Do sciob sé a clóca agus tháinig sí cuige. Do chuir sé suas ar a chapall í agus do thug sé abhaile í agus do phós sé í agus bhí triúr leanbh aca. Dubhairt sí leis an bfear lá dá bhfaghadh sí a clóca go raghadh sí go dtí an fhairrge arís. Lá dá raibh an fear amuigh agus go raibh sí in h-aonar do chúardaig sí an tigh agus fuair sí an clóca agus rith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Address
    Ballynakilly, Co. Kerry
    Informant
    Pártalán Mac Suibhne
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Ballynakilly, Co. Kerry