School: Gleann Beithe (B.) (roll number 4762)

Location:
Glenbeigh, Co. Kerry
Teacher:
Séamus Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 105

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 105

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Beithe (B.)
  2. XML Page 105
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mo Cheanntar Féin
    bailighthe ag Seán Mac Suibhne, Baile na Cille.
    Táim im' chomhnuidhe i mBaile na Cille i bparróiste Gleann-Beithe i mbarúntacht Uibh-Ráthach. Tá triochadh tighthe ann anois agus bhí tímpal sé chinn is triochadh ann fadó agus tighthe ceinn tuighe ba choitíanta a bhí ann. Baintear an tuighe-bán ag Ros-Beithe le speala agus tugtar abhaile é le capall agus cárr. Fuair Baile na Cille a ainm ó'n Chill atá ann. Tá roilig ann anois. Sé an sloinne is coitíanta san áit ná Ó Gríbhthín. Tá a lán daoine ann ós cionn ochtó ach níl aoinne ós cionn nócha. Is féidir le triúr sean-daoine scéal d'innsint, siad Mícheál Ó Sé agus Máire Bean Ní Shé agus Donnchadh Ó Gríbhthín ó Baile na Cille. Tá a lán fothrach tighe san áit agus do bhí daoine in a gcómhnuidhe ionnta fadó ach do chuadar go h-America nó go Sasana agus bhí coill mhór ins an áit ach gearradh í, 1918, agus tá pluais ins an gcoill san agus deirtear go raibh a lán daoine in a gcomhnuidhe ann fadó blianta na Droch-Aimsire. Téigheann a lán daoine ó Bhaile na Cille go Sasana gach bliain chun airgid do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Ballynakilly, Co. Kerry
    Collector
    Seán Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Address
    Ballynakilly, Co. Kerry