School: Curraichín (B.) (roll number 15978)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Scothlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (B.)
- XML Page 628
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Bhí fear agus bean pósta le na céile. Do bhí leanbh aca. Do bhí an bhean goidthe agus gach oidhche tháinig sí chun biadh a thabhairt do'n leanbh. Ní fhaca an fear í ach do chlois an fear na daoine mór timcheall na h-áite á rádh go raibh a bhean ag teacht chun an tighe gach oidhche chun biadh a thabhairt don leanch. Dúbhairt duine leis "gan bheith na chódladh anocht". Agus nuair a tháinig an oidhche d'fhan sé sa leabhaidh agus ní raibh sé na chodhladh. Taréis tamaill san oidhche tháinig sí isteach chun biadh a thábhairt don leanbh. Chonnaic an fear í. An ceud lá in a dhiaidh san. Dúbhairt an duine leis. "Raghaidh tú go cros bóthair agus dein bogha agus faigh buidéal uisge beannuighthe agus nuair a bheidh sí ag teacht cuir an bogha mór timcheall uirthi agus caith an t-uisge beannuighthe mór timcheall an bhogha agus beidh sí agat. Aon(continues on next page)- Collector
- Seán Seaghdha
- Gender
- Male
- Informant
- Ristéard Ó Neachtain
- Address
- Curraheen, Co. Kerry