School: Curraichín (B.) (roll number 15978)

Location:
Curraheen, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Scothlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 407

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 407

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curraichín (B.)
  2. XML Page 407
  3. XML “Cathair Tonn Tóime”
  4. XML “Dumhach na mBan Marbh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tá an áit sin in aice le Ros Beithe idir é agus an Innse atá ar an dtaobh eile de Báighe an Daingin. Tá sgeul ar fuaid na h-áite i nGleannbeithe mar gheall ar an áit sin. Bíonn glór mór ag an taoide ar an áit sin go bhfuil Cathair Tonn Tóime ann. Seo é an sgeul.
    Is amhlaidh a bhí sí na cathair amuich ó'n áit cois fairrge go dtugtar Ros Beithe anois air. Chlúduig an t-uisge í agus do thriomiugheadh sí gach aon mhaidean lae Bealtaine gach aon bliadhain. Bhíodh sí clúdhuighthe arís leis an uisge. Bhíodh gach aon tsaghas duine a' siubhal isteach trí an sráid an lá san mar a mbeadh in aon sráid eile. Chídis a' bhean ar tháirisg a' dhoras agus í síor socrughadh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá an áit sin in aice le mo thig i Ros Beithe. Bhí dáreug bean uasal agus fear go raibh bhéilín aige ar bád sa bhfairrge agus bhí siad gó léir báidhthe agus tháiniug na cuirp isteach ann. Bhí fainne ór ar láimh gach mná aca. Bhí píopaí de'n mbád ann agus do scuaib an taoide na píopaó amach arís. Bhí fear na chómhnuidhe san áit dar bh'ainm dó Pádruig Ó Concúbhair. Cuireadh na cuirp san uaig in aice le na tigh. Aon oidhche 'na dhiaidh sin tháinig triúr bán agus fear isteach sa tig. Do shuidheadar ar an mbórd. Níor labhair aoinne aca focal agus tar éis tamaill chuadar amach arís. Ní fhaca sé riamh ó shoin iad. Níl ann anois ach fallaí an tighe agus na h0uaigeanna agus tá an fhairrge
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.