School: Gleann na gCoileach (roll number 1583)

Location:
Glannagilliagh, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Ríoghbhardáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 022

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 022

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann na gCoileach
  2. XML Page 022
  3. XML “Ard na Sí - Caragh Lake”
  4. XML “Cluichí Oíche Shamhna”
  5. XML “Cluichí Oíche Shamhna”
  6. XML “Cluichí Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Imríghtear morán cluichthí Oidhche Shamhna mar atá dóghail na gcnódh, dall a púichín, sgapadh ubhail, léigheadh na luaid agus tumadh. Cuirtear dhá chnó comhngarach do'n teinnidh, agus ainm bhuachalla ar cheann díobh, agus ainm cailín ar an gceann eile, má fhanann an dhá chnó annsan go dtóghfar iad, beidh an bheirt dílis dhá chéile, ach má léimeann ceann díobh leis an dteas, beidh an té go bhfuil a (h)ainm ar an ghnó eile treighthe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Oidhche Shamhna bhíonn béile mór bídh, bairín breach, ubhla, cnóidhte, oráistí agus misleáin. Cuirtear fáinne, píosa adhmaid, píosa ceirt, agus béan agus lusphód. An té a gheibheann an fáinne deirtear go bpósfar go luath é. An té a gheibheann an píosa adhmaid deirtear nár fada a tréimhse sa t-saoghal seo. An té a gheibheann an píosa ceirt deirtear ná pósfar coidhche í nó é. An té a gheibheann an béan go mbeidh sé nó sí bocht go deire na sgríbe. An té a gheibheann an lusphód go mbeidh saidhbhreas aige nó aici go deire an tsaoghaoil.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Mhurchadha
    Gender
    Female