School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níor tháinig Naomh Pádraig go dtí an paróiste seo Dubhairt sé go raibh muinntear na tuatha go maith, macánta agus níor gádh dó teacht cun íad do bheannúghadh.Bailigheann na buachaillí seamróg maidin lae Fhéile Pádraig. agus caitheann gach duine gas mór seamróige ar a chaipín Caitheann na cailíní crosanna pádraig nó cláirsighe glasa ar a nguailne.Chuireadh na sean-daoine bochta slat-sailighe isteach sa teine agus annsan do dheinidís figúir na croise ar guailnibh na leanbhaí óga le barr na slaite dóighte.Théigheadh na feirmeóirí san áit seo go Cillorglain an lá san fad ó, acht anois chaithfidís fanamhaint sa bhaile. Lá saoire mór i lár an earraig a beadh an lá so agus théigheadh na feirmeóirí go dtí an baile-mór ag ceannacht síl-coirce, nó guano igcóir an earraig. agus nuair do chasadh feirmeóir le feirmeóir eile sa sráid deireadh sé "mo Phota Phádraig ort".(continues on next page)
- Informant
- Domhnall Ó Cróinín
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Gortboy, Co. Kerry