School: Gort Buidhe (roll number 14509)

Location:
Gortboy, Co. Kerry
Teacher:
Gilbert Mac Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Buidhe
  2. XML Page 130
  3. XML “Tithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ins na tighthibh móra saidhbhre chídfeá leachaí móra in úrlár na cistineach. Deantaí ceann an tighe de adhmad as an gcoill, ceangailte le céíle le pionnaí adhmaid. Annsan bhíodh scrathanna righne fada súas ar an admad, agus bhíodh an méid seo go leir clúdaighthe le tuighe cruithneachtan curtha suas igceart le tuigheadóir cliste.
    Bhíodh furmhór na dtighthe ana chompórdach - fionn-fhuar sa samhradh agus te, cluthmhar sa geimhreadh.
    Móín agus admad a bhíodh aca mar adhbhar teine. Bhíodh an mhóin mhaith go flúirseach san pharóíste seo fad ó - tá sí gann annso anois. Scuilb giúise a tugadh solas dóíbh, agus bhíódh sligí aca leis.
    (Sceitse) Slige

    Deintí coinnle do geatairí leis, agus bhíódh múnla in gach tig cun coinnle do dhéanamh. Bhíódh suidheachán mór inaice na teine nó bhíodh leabaidh setel sa chistin, agus do dheineadh sé suidheachán mór breágh de ló agus leabaidh istoidhche.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Dómhnall O Cróinín
    Gender
    Male
    Age
    57
    Address
    Gortboy, Co. Kerry