School: Gort Buidhe (roll number 14509)

Location:
Gortboy, Co. Kerry
Teacher:
Gilbert Mac Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 124

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 124

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Buidhe
  2. XML Page 124
  3. XML “Cúram na gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhíodh mórán daoine san paróiste seo nár chaith bróga riamh. Níor chaith buachaillí agus cailíní óga bróga go dtí go rabhadar ag dul fé lámha an Easbuig. Bhíodh na mná níos measa ná na fir. Ní chuireadh na mná a mbróga ortha, ó cheann ceann na seachtaine. Nuair a théighdís ar Aifreann Dia Domhnaig nó go dtí an baile mór lá aonaigh bhídís cosnochtaithe ag dul ann agus cosnochtaithe ag teacht abhaile. Níor mhaith leis na mnáibh a mbróga a bheith ar a gcosaibh. Bfearra leó a bheith cosnochtaithe ag obair timcheall an tighe. Bhí bean ag siubhal suas an séipéal Domhnach agus fuair sí barrathuisle agus thuit sí ar an úrlár. Ní raibh taithighe aice ar na brógaibh. Do shiubhaileadh na mná ins an drúcht ar maidin ag tabhairt na mbó abhaile cun á gcrúdh agus ní bhíodh fadharcáin ar a gcosaibh. Chaitheadh na mná slipéidí nuair a bhídís ag obair I gcró na mbó agus dfhághaidís na slipéidí sa chró inaice an dorais.
    Chaitheadh na mná lóipíní, bin íad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
        1. shoes (~1,841)
    Language
    Irish
    Collector
    Dómhnall Ó Cróinín
    Gender
    Male
    Address
    Gortboy, Co. Kerry
    Informant
    Dómhnall Ó Cróinín
    Gender
    Male
    Age
    57
    Address
    Gortboy, Co. Kerry