School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 071
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lá bhí troid idir Muinntear Cathbhuadhaig ó Choill agus na Cróiníní ó Mhaol-lios. Bhuaidh na Cathbhuadhaigh ar na Cróiníní agus rith na Cróiníní as an áit. Níor imthigheadar go léir abhaile amh mar chonnaic na Cathbhuadhaig duine aca ar meisce in aice na háite agus thugadar fé agus thugadar bualadh maith dhó. Chonnaic Úncail Thaidhg Bheait cad a bhí ar siubhal agus bhí sé ana cháirdeamhail les na Cróiníní. D'árduig sé a bhata droghín agus thug sé fé na Cathbhuadhaig. Bhí deicheanabhair aca ann agus do leag sé gach fear aca in andhuine is in a nduine. Ní rabhadar ábalta buille do chuir air bhí sé comh-maith cun an bata do láimhsáil. Fé dheire do stadadar agus bhíodar go léir brúighte gearrtha agus ní raibh acht cúpla marcanna beaga ar cheann Úncail Thaidhg Bheait. Bhí máthair Thaidhg ann ag féachaint ar an gcath agus do ghlan sí an fuil as ceann a dritháir. Shiubhal sé abhaile ón aonach comh-maith agus comh-bríomhar agus do shiublóchadh sé abhaile ón Aifreann maidin Domhnaigh.
- Informant
- Diarmaid Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Beaufort, Co. Kerry