School: Gort Buidhe (roll number 14509)

Location:
Gortboy, Co. Kerry
Teacher:
Gilbert Mac Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 023

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 023

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Buidhe
  2. XML Page 023
  3. XML “Tig na Scoile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fuair sé greadadh maith ó a bhean. Nuair a chonnaic sí é ag teacht dubhairt sí leis "is mithid duit teacht a thairríer bhig."
    Théigheadh Mícheál Diarmaín go dtí an scoil sin agus ní raibh focal béarla aige an t-am san. Béarla a bhí ar siubhal aca an lá so agus bhí (Jack has got a cart) mar ceacht ag Mícheál. Do ghlaoidh an máistir ar Mhícheál agus chuaidh Mícheál suas cuige. "Where is your lesson to day, Michael" ars an máistir. "Níl aon fhán air, mhuise, a mháistir" arsa Mícheal. Tá sé annso sa trucaill agam.
    Bhíodh scannradh ar an máistir roimh teine. Ní bhíodh lampaí nó coinnle aca sa phároiste seo an tam san. Sguilb giúise a bhíodh in úsáid aca mar adhbhar solais. Nuair a bhíodh an máistir in a shuidhe cois teine ag ól tobac idtig feirmeóra agus nuair s chíodh sé buachaill nó cailín agus sgolb lasta aca ag siubhal timcheall na cistineach ag lorg leabhair nó rud éigin eile, chrothadh sé a cheann agus deireadh sé ó ó "cuir uait an solas in ainm Dé". Bheidh an tig dóighte mór thimcheall orainn. Thabharfainn míle púnt dá mbéadh garsún nó cailín agam féinidh agus dámbeádh sé agam do chuirfinn fé smacht é."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Gortboy, Co. Kerry