School: Gort Buidhe (roll number 14509)

Location:
Gortboy, Co. Kerry
Teacher:
Gilbert Mac Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 009

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 009

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Buidhe
  2. XML Page 009
  3. XML “Faill an Chomhraic”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Áit in aice na scoile seo is eadh Faill-an-Chomhraic. Bhí bean na comhnuidhe i Maol-lios fad ó agus sé an ainm a bhí uirthi ná An Chailleach Mhór Mhaol-lios. Tháinig na báillí agus na píléirí timcheall na h-áite seo, aon lá amháin ag bailiughadh na gcánach. Bhí an chailleach ar an bhfaill rómpa agus nuair chonnaic sí ag teacht iad thosnuig sí ag lúirígh cómh--hárd san gur chuala na comharsanna go léir í. Dubhairt an chailleach leó gan teacht níos giorra dí nó bhéadh sé níos measa dhóibh. Stad na píléirí agus na báillí agus bhíodar ag argóint leis an mnaoi. Nuair a chuala na comharsanna an lúirig, bhí fhios go maith aca cad a bhí ar siubhal agus thánadar go dtí an faill agus bataí móra aca. Nuair do chonnaic an bhan an chabhair ag teacht cuichi, léim sí as a corp i lár an bhóthair, agus thosnuig sí ag gabhail ar na báillíbh le bata a bhí in a láimh aice. Rith na píléirí agus na báillí agus rith an chailleach agus muinntear an gleanna in a ndiaidh - Ní fheadar cár stadadar.
    Ó shoin tugtar Faill an Chomhraic ar an áit.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Faill an Chomhraic, Co. Kerry
    Informant
    Diarmaid Ó Donnchadha
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Oibrí
    Address
    Clydagh, Co. Kerry