School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)

Location:
Cullenagh Upper, Co. Kerry
Teacher:
Bríd, Bean Uí Chochláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 373

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 373

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuileannach (C.)
  2. XML Page 373
  3. XML “Scéal i dtaobh Bó a Chaill A Cuid Bainne”
  4. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí an droch-shaoghail ann idir na blianta 1846-1848. "Bhí deichneabhar duine do gach dhuine anois," ins an áit seo fadó, agus do luigh an droch-saoghal go trom ortha. Cé go raibh alán stuic agus arbhair ag na daoine an uair sin, ní raibh arán ná feóil acha, mar do bhí ortha an stoc agus an t-arbhar do dhíol cun airgeadh cíosa do shóláthar do na tíghearnaí talmhan.
    Nuair a bhí na prátaí ag fás iseadh do tháinig an "Lobh Dubh" ortha. Níor meath na prátaí go léir sa bhlian 1846. Nuair a chuaid fear ag baint an cúpla prátaí a bhí aige, do théigheadh daoine in-a-dhiaidh, agus rámhain acha féachaint an mbeadh prátaí in-a-dhiaidh.
    Ar feadh na bliana 1847 ní raibh aon nídh le- n-ithe ag na daoine ach "prátaí lobhtha." Acht tar éis tamaill do thug an riaghaltas "mín buidhe" dóibh. D'ith siad an mín sin le bainne ghéar. Do dhein an riaghaltas bóithre annso agus annsúd
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.