School: Seana-Caiseal (roll number 16745)
- Location:
- Shanacashel, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá mórán seancas ag muinntir na haite i dtaobh na haimsire. Bíonn fhios acú ón spéir ón grían, ón gealach, ón na réalta, ón ná scamaill agus ó an boga leach cadh é an sort aimsire a bheidh ag teact cur i gcas nuair a bhíonn an gealac leath báidte nuair nó a bhíonn fáinne timceall uirtí deirtear gurb iadh san comarthaí bháistidhe agus seo iad comarthaí báistidhe dar le daoinib. Nuair a bhíonn scamaill dorca ag gluaiseact treasna na spéire agus nuair a bhíonn bhogha leac le feiscint ar maidhin nuair a bhíonn na fainleóga ag eitilt go h-iseal nuair a tagann na gabhair anuas ón cnuic agus nuair a iteann an madra féar. Nuair a cionn siad na faoilea'n ag eitilt isteach on bhairrge deireann siad go bfuil droc aimsear ag teacht. Nuair a bhíonn an cat inaice na teine má bhíonn na bha in a luighe ar feadh an lae deireann siadh go mbheidh droc aimsear againn. Dheirtear leis má bhíonn loinnir ar na carraigeaca no ceó ar an gcnoc no ma bhíonn na sleibte ag feucaint an-comgarac duinn no an ceó bóthair ag imteacht leis an gaoith go mbeidh baisteac againn.(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó Séaghdha
- Gender
- Male